Prionsabail an Pháirtí Náisiúnta

  1. Creideann an Páirtí Náisiúnta gur le dúiche na hÉireann an t-oileán ar fad, a oileáin, agus na farraigí teorann.
  1. Creideann an Páirtí Náisiúnta go láidir i bprionsabal na Poblachta Bunreachtúla, bunaithe ar shaoirsí pearsanta aonair, cearta agus cúraimí. Cuirimid in aghaidh ollsmachtachas a chroí a fhaightear in iomláine cumhachta an Stáit agus feidhmniú údaráis Stáit, seachas treo idé-eolaíochta na hiomláine sin.
  1. Creideann an Páirtí Náisiúnta gur piolóid agus oidhreacht nádúrtha an Náisiúin é an Stát. Níor cheart don Stát, mar sin, bheith ina mháistir an Náisiúin, ach an Náisiún ina mháistir an Stáit. Fágann sé sin gur chóir don Stát gníomhú ar son an Náisiúin, i gcónaí agus i ngach cás, cuimsithe i muintir Éireannach doroinnte amháin.
  1. Aithníonn an Páirtí Náisiúnta claonadh láraimsitheach an Stáit mhaorlathaigh agus a iarmhairtí dochracha dosheachanta sa chaighdeán agus sa mhéid cinnteoireacht leibhéil Stáit. Creidimid mar sin go gcaithfidh dúthracht dhocht don phrionsabal agus feidhmiú coimhdeachta bheith ina dhearbhphrionsabal lárnach rialtais ag gach leibhéal.
  1. Téigheann an Páirtí Náisiúnta i ngleic lenár mballraíocht san Aontas Eorpach ón bprionsabal go ndiúltaíonn muid glacadh le bagairt scriosta saoirse ár Náisiúin, agus déanfaidh muid ár ndícheall na saoirsí atá tugtha ar shiúil, go héagórach, a thabhairt ar ais.
  1. Creideann an Páirtí Náisiúnta in uaslathas gaisce laistigh de dhaonlathas deise, cleachta agus bunaithe go heacnamaíoch leis an abhcóideacht láidir de Shaorfhiontaíocht Tháirgiúil. Mar gheall ar sin molaimid úinéireacht maoine príobháidí mar cheart doshannta, agus cosnóimid an ceart sin in aghaidh cúngracht na gcontúirtí cothroma de Shóisialachas Stáit agus de Chaipitleachas Monaplach.
  1. Cuireann an Páirtí Náisiúnta in aghaidh inimirce gan teorainn, ag cur caomhnú aitheantas an Náisiúin agus an chultúir os cionn aon rud eile mar bhunchloch an tírghrá phrionsabálta.
  1. Éilíonn an Páirtí Náisiúnta nárbh cheart do dhlí ar bith foráil ginmhillte a cheadú in Éirinn.
  1. Éilíonn an Páirtí Náisiúnta leasú iomlán dár gcóras dlí coiriúil, ag cur cosaint na sochaí ó choiriúlach mar a fhiúntas údarásach, suas go dtí athbhunú Phionós an Bháis a chur san áireamh do choireanna go háirithe gránna.